Menu

Léirmheasanna

Swan Lake / Loch na hEala, The Abbey Theatre
“Taibhealaín a fhágann muid corraithe, ceisteach, daonna ”
Eoin P. Ó Murchú, nós.ie, 13 February 2018

Sa scéal traidisiúnta Clann Lir athraítear páistí Lir ina n-ealaí áille, baintear an chaint uathu is fágtar glórtha áille acu. An bua a fhágtar acu sa dráma seo ná an damhsa agus nach draíochtúil an damhsa é. Michael Keegan-Dolan is cúis leis an léiriú éachtach seo atá lonnaithe sa Longfort.

Bhí caint thar a bheith dearfach cloiste agam faoi Swan Lake/Loch na hEala le cúpla bliain anuas agus bhí an-díomá orm nach bhfuair mé deis freastal air anuraidh.

Is léiriú ar leith é seo a bhuaileann buille mothúchánach i mbealach máistriúil ealaíonta nach bhfeictear rómhinic. D’fhág giotaí áirithe den dráma mé le mo bhéal ar leathadh, mé faoi dhraíocht ag físiúlacht neamhghnách neartmhar an phíosa. Ní bréag is ní beag a rá go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

Thosaigh an dráma go mall. Seit bhunúsach, leathsceirdiúil, putóga na hamharclainne léirithe agus Mikel Murfi, ainmhí, inár láthair ina fhobhríste. Fágadh soilse an tí ar siúl is ghlac sé tamaillín orm sleamhnú isteach i ndomhan buile Teach Damhsa ach nuair a shleamhnaigh, chuas faoi go baithis.

Is minic againn drámaí Éireannacha a chuireann mí-úsáid ghnéis, sagairt olca agus gardaí tuatacha ar ardán. Táid sa dráma seo leis ach pléitear leo i mbealach a bhraitheann úr agus fuinniúil agus scanrúil. Measctar iad agus scéalta na n-ealaí, Swan Lake agus Clann Lir, agus scéal fírinneach Mhainistir Leathrátha, áit ar mharaigh na Gardaí fear óg i mbliain an dá mhíle.

Tá macallaí scéal an fhir óig le clos mar shnáth tríd an dráma agus nasctar a scéal le scéal na n-ealaí. Gránghunna aige agus dúlagar ag cur as dó. Caitear go cáiréiseach lena charachtar, ach cuirfidh radhairc áirithe sa dráma seo sceon ar an duine is mó miotal amuigh.

Tugtar dóchas dúinn agus grá agus léirítear caoine lách. Bímid sna tríthi gáirí mar gheall ar charachtacht Murfi. Baintear pléisiúr as an rud is lú: an raidió a athrú ó stáisiúin go chéile. Cuireann an bheirt phríomhcharachtar faoi gheasa muid. Is minic go maítear gur féidir scéal a insint trí dhamhsa. Níor ghéilleas dá leithéid go hiomlán go bhfaca an léiriú seo. Gluaiseacht agus cóiréagrafaíocht gan a macasamhail, na mílte focal ráite agus na colainneacha ag lúbadh os ár gcomhair amach.

Is annamh ceol beo a chlos ag drámaí na laethanta seo, agus léiríodh dúinn an chailliúint a tharlaíonn dá bharr. Banna ceoil Slow Moving Clouds, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach a bhfuil tionchar Nordach le sonrú go mór orthu, a sheinneann agus a chanann anseo, glórtha ríbhinne agus amhráin eicléictiúla, ‘Seinn Alleluia’ le clos istigh ina lár.

Mar sheoid fhísiúil is mó a chuimhneofar ar an léiriú seo. Tá an rince ar fheabhas ó thús deireadh; buile na cóisire, fiántas na mban, fraoch agus anbhá na n-ealaí, brúidiúlacht an olcais. Arís is arís téann sé i bhfeidhm ort ach is é radharc uathúil an deiridh a chuireann an dlaoi mhullaigh ar chúrsaí. Mír eisceachtúil, a d’fhág i mo staic mé, dáiríre. Ba ar éigean a chreideas go bhféadfadh rud a bheith chomh corraitheach, spraíúil, simplí, físiúil.

Ag breathnú dúinn ar an gcliar agus ar na compántais éagsúla a chruthaigh Loch na hEala, tuigtear gur iarracht idirnáisiúnta cheart í seo. Michael Keegan-Dolan, Sadler’s Wells London, Colours International Dance Festival, Theaterhaus Stuttgart, Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Theatre de la Ville Lucsamburg. Is léir lámha cumasacha na ndreamanna sin ar fad ar an eispéireas deiridh a bhronntar.

Dráma ar leith is ea Swan Lake/Loch na hEala. Buaic na drámaíochta agus an damhsa. Taibhealaín a úsáideann gach foirm atá ar fáil di is a fhágann muid corraithe, ceisteach, daonna.

Tá sé díolta amach in Amharclann na Mainistreach cheana. Má tá deis agat é a fheiceáil timpeall na tíre déan cinnte sin a dhéanamh.

Expand