Menu

Fúinn

Bhunaigh Michael Keegan-Dolan (Mícheál Mac Aodhagáin-O’Dobhailen) Teaċ Daṁsa sa bhliain 2016 mar shlí chun ceangal níos doimhne a dhéanamh le traidisiúin, teanga agus ceol na hÉireann. Léiríonn an t-ainm Teaċ Daṁsa aistear leanúnach Mhíchíl chun saothair rince agus drámaíochta a chruthú go bhfuil a n-áit dúchais – an áit as a dtagann siad – le brath go soiléir orthu.

Is é Swan Lake / Loch na hEala an chéad léiriúchán ó Teaċ Daṁsa, ag cur leis an dtraidisiún de léiriúcháin cheannródaíocha as a bhfuil cáil bainte amach ag Mícheál. Bhuaigh sé Duais Amharclannaíocht Irish Times 2017 don Léiriúchán Nua is Fearr agus an  UK Critics’ Circle National Dance Award for Best Production 2018.

Thuill Mícheál cáil ar dtús agus é ina stiúrthóir ealaíne ar Fabulous Beast Dance Theatre (1997-2015), ag cruthú trí léiriúchán a bhain ainmniúchán amach do Dhuais Olivier: Giselle (2003), The Bull (2005), and The Rite of Spring (2009). Sa bhliain 2004 bhuaigh Giselle  Duais Amharclannaíochta Irish Times, agus bhain The Bull Duais Náisiúnta Rince amach ón UK Critic’s Circle sa bhliain 2008. Bhuaigh Rian, a chruthaíodh i 2011, Duais Bessie (New York Dance and Performance Award) sa bhliain 2013 don léiriúchán is fearr. Sa bhliain 2013 bhí sé ina stiúrthóir agus cóiréagrafaí ar léiriúchán nua de Julius Caesar le Handel ar son English National Opera ag an London Coluseum. I 2015 chruthaigh sé píosa nuachumtha, The Big Noise, don GoteborgOperans DansKompani, ag comhoibriú go dlúth leis an gceoltóir cáiliúil Nordach Ale Moller. Agus é ina Aoi-Stiúrthóir Ealaíne  ag Compántas Náisiúnta Rince na nÓg ag Sadler’s Wells London do shéasúr 2015 – 2016, chruthaigh Mícheál In-Nocentes. Sa bhliain 2017 chruthaigh sé saothar nua le ceol 8ú Siansa Dvořak don gCompántas Rince ag an Gärtnerplatztheater, Munich.

Anuas ar an méid sin, tá taithí fhada aige mar mhúinteoir agus tá ceardlanna tugtha aige le compántais éagsúla timpeall an domhain, Compántas Hofesh Schechter, Cedar Lake Ballet agus Ballet Junior de Geneva ina measc.

Bhí Mícheál ina ealaíontóir comhlach ag an Barbican Centre, Londain agus tá sé anois ina chomhlach ag Sadler’s Wells London.

 

TEAGMHÁIL

Seoladh Ríomhphoist
hello@teacdamsa.com

Seoladh
Teaċ Daṁsa
Na Gleannta Thuaidh
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí
V92 W218
Ireland

Leann Teaċ Daṁsa ar FACEBOOK, TWITTER

Cláraigh anseo thíos le scéala a fháil uainn ó am go chéile



GOVERNANCE

Directors Report, Board Members and Accounts CLICK HERE

Uimhir Comhlachta: 341571

Oifig Chláraithe: Kilmacannon, Bornacoola, Carrick-on-Shannon, Co. Leitrim